Cnuasach álainn amhrán bunaithe ar théama na farraige, curtha i láthair ag Tadhg Mac Dhonnagáin, Caitlín Ní Chualáin agus páistí scoile as Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Tá amhráin nuachumtha i gceist agus rinneadh meascadh fuaime nua ar na seanchlasaicí ar nós Raghnall Rón agus Cé a chlúdaigh mé le gaineamh?
Is féidir éisteacht leis na hamhráin ar fad ach cód QR a scanadh.
 
Clár
Oscail do Shoile
Peadar Portân
Cé as a dTagann na Tonnta?
Pailin Plongain
Fungle
Raghnall Rón
An Crotach
Brídín Bradán
Seo Chugainn an Stoirm
Brónach Cois Cuain
Tógfaimid Caisleán
Miol Mór Mise
Cé a Chlúdaigh Mé le Gaineamh?
Smugairle Róin
An Turtar a Sheol i bhFad i gcéin
Albatras
Seolaim mo Bháidín
An Sliogán
An Fharraige, an Fharraige
Ceol na Mara
Is clár nua, páistelárnach agus spraíúil é Caint is Comhrá. Tagann an clár seo go hiomlán le riachtanais Churaclam Nua Teanga na Bunscoile. Tá an-bhéim ar an gcumarsáid agus ar ghnáthchaint an lae sa chlár. Tá na téamaí agus na scéalta oiriúnach do shaol na bpáistí chun iad a spreagadh agus chun úsáid na Gaeilge sa bhaile a chur chun cinn. Tá sé mar phríomhaidhm ag na húdair grá don Ghaeilge a spreagadh sna páistí agus scileanna agus inniúlacht a chruthú iontu ag an am céanna.
Tá cúig aonad déag agus trí aonad súil siar i ngach leabhar.
Leagtar béim ar an heochairfhocail tríd an gclár ar fad. Múintear iad le hathrá sna scéalta, na comhráite, na rannta, na dánta, na hamhráin is na cluichí.
Tacaítear leis na gníomhaíochtaí idirgníomhacha spraíúla leis na pointí foghlama sa chlár. Tá gearrthóga fuaime taifeadta de na dánta, amhráin, foghraíocht, scéalta agus gníomhaíochtaí éagsúla le fáil ar líne.
Tá amhráin bhreátha agus úrnua le fáil sa chlár seo.
Tá a lán éagsúlachta sna leabhair chun suim na bpáistí a choimeád.